|
Bád
seoil, déanta as adhmad, í an Húicéir, a d'úsáidfí mar bhád oibre i
gCuan na Gaillimhe san am atá caite, mar bhád iascaigh agus mar bhád
lastais, ag tabhairt móin go hoileáin Árann, mar shampla. Is iondúil go mbíonn an bád féin dubh, le seolta dearga nó dubha. Trí sheol a bhíonn ar an Húicéir (seachas ar an bPúcán, ar a mbíonn dhá sheol). Tá cheithre chineál Húicéir ann, an Bád Mór (35-44 troigh/10.5-13.5 méadar), an Leath Bhád (28-35 troigh/8.5-10.5 méadar), an Gleoiteog (24-28 troigh/7-8.5 méadar) agus an Púcán (tuairim agus méid céanna leis an nGleoiteog). Le teacht gual go hÁrainn agus báid le hinnill, ní raibh aon ghlaoch níos mó ar an Húicéir mar bhád oibre agus ba bheag acu a bhí le feiceál i gcuan na Gaillimhe, go dtí gur thárla athnuachan ag deireadh an seachtóidí. Bhí Féile an Dóilín i gcroí-lár an athnuachain sin, agus a rian sin le feiceál le blianta beaga anuas, nuair a tharraing an Féile áird náisiúnta as an líon is mó riamh húicéirí cruinníthe le chéile ag féile báid ann. |
![]() An 'McHugh', amach ó Chéibh Chaladh Thaidhg |
![]() An Lady Chantelle, sa Rás Bád le Bád |