1 Lúnasa
Imeacht: Sean-Dóilín, Dóilín Nua
Am: 9pm
Ionad: Teach Ósta An Chistin
Sonraí: Oíche speisialta ina bhféachann muid siar ar taifead a déantar d'Fhéile an Dóilín i 1982, agus muid ag caint le daoine a bhí rannpháirteach ann ag an am. Oíche do bhádóirí agus oíche do mhuintir na Ceathrún Rua, le craic agus spraoi. Fear an tí: Tomás Mac Con Iomaire
2 Lúnasa
Imeacht: Paráid Seoltóireachta
Am: 17:00
Ionad: Céibh Chaladh Thaidhg
Sonraí:
Ní raibh tú ar bord húicéara riamh? Bhuel, seo do sheans! Deis don
phobal dul i mbun seoltóireachta ar na húicéirí traidisiúnta.
FOLÁIREAMH:
CAITHFIDH TÚ SEAICÉAD TARRTHÁLA A BHEITH AGAT MÁ TÁ TÚ AG IARRAIDH DUL
AR BORD CEANN DE NA HÚICÉIRÍ. D'FHÉADFADH LUCHT EAGRAIS NA FÉILE
tIMEACHT SEO A CHUR AR CEALL, AG BRAITH AR AN AIMSIR

An 'Lady Chantelle' ag glacadh páirt sa rás Bád le Bád
Imeacht: Rás Bád le Bád
Am: 16:00
Ionad: Caladh Thaidhg
Sonraí:
Don tríú bliain as a chéile, reachtáilfear an Rás Bád le Bád, nó rás
den stíl ‘Match Racing’ dhá reachtáil, ina rachfaidh Gleoiteoga Beag, agus don chéad uair riamh Gleoiteoga Móra, i
mbun ráis, dhá Ghleoiteog ag an am, ag tabhairt aghaidh ar a chéile go
dtí nach mbeidh ach buaiteoir amháin faghta.

Geallta bád i gCuan an Fhir Mhóir
Imeacht: Rás Gleoiteoga Beaga Bídeacha
Am: 18:00
Ionad: Caladh Thaidhg
Sonraí: Na Gleoiteoga Beaga Bídeacha, faoi 21 troigh, i mbun rásaíochta.
Imeacht: BBQ na Féile
Am:19:00
Ionad: Caladh Thaidhg
Sonraí: BBQ amuigh faoin aer don phobal.

Ag ullmhú an BBQ ar an gcéibh
3 Lúnasa
Imeacht: Cruinniú Scipéirí Bád Seoil
Am:14:00
Ionad: Céibh Chaladh Thaidhg
Sonraí: Cruinniú chun an cúrsa seoltóireachta a shocrú.
Nóta do Scipéirí: Tosóidh na geallta ag 16:00, díreach. Cuirfear tús, faoi sheol, leis na geallta amach ó Thrá an Dóilín.
Imeacht: Spraoi do Leanaí!
Am:15:30
Ionad: Trá an Dóilín
Sonraí: Imeachtaí spraoi do ghasúir ar Thrá an Dóilín: Tóraíocht Taisce do ghasúir faoi bhun 12; Preabchaisleán; Péinteáil éadain

Curachaí ag ullmhú chun ráis ag Féile an Dóilín
Imeacht: Ceol Beo
Am: 15:30
Ionad: Trá an Dóilín
Sonraí: Agus an chraic ar fad ar Thrá an Dóilín i mbliana, tá muid ag filleadh ar an sean-stíl le ceol beo ar an trá ó 15:30 ar aghaidh.
Imeacht: Na Geallta Bád
Am:16:00
Ionad: Cuan an Fhir Mhóir
Sonraí:
Is iad na geallta Gleoiteoga Beaga agus Móra, Leath-Bháid agus Báid
Mhóra príomh-imeacht na Féile. Beidh an-radharc orthú i mbliana, ó
thárla tús dhá chur leis an rás amach ó Thrá an Dóílín.
Imeacht: Rás Snámh
Am:16:00
Ionad: Trá an Dóilín
Sonraí: Fonn snámh ort? Beidh rás snámha, do chuile aois-ghrúpa, ag Trá an Dóilín. Beidh bád sábháilteachta agus maoir i láthair.
Imeacht: Bronnadh na nDuaiseanna
Am: 19:30
Ionad: Céibh Chaladh Thadhg
Sonraí: Bronnadh duaiseanna na ngeallta.
Imeacht: Raifil don Churach agus Dóilín '82
Am: 22:00
Ionad: Óstán an Cheathrú Rua
Sonraí:
Do sheans deireannach ticéad a cheannach sula bhfógrófar buaiteoir na
curaí canbháis. Freisin, seans eile Féile an Dóilín 1982 a fheiceál ar an scáileán.