féile an dóilín
an príomh féile húicéirí
Dóilín 26-28 Meán Fómhair
Dé hAoine

Léacht ón Irish Whale and Dolphin Group
13:30 Halla Scoil Náisiúnta Mhic Dara
Gearóid Breathnach, ó Gharda Cósta Chuan Chasla ag labhairt ar an obair a dhéanann an Garda Cósta, ag 'spáint an trealamh a úsáideann an Garda Cósta agus ag tabhairt eolas ar cén chaoi a bheith cúramach ar an bhfarraige

Taispeántas Ealaíne Húicéirí na Gaillimhe
20:00 Óstán an Cheathrú Rua
Taispeántas de chuid an ealaíontóra clúití as Contae an Dúin, James G Miles, a bhfuil spéis mhór aige i Húicéirí na Gaillimhe, agus a chaitheann an Samhraidh dhá leanacht ar chósta an iarthair agus é dhá bpéinteáil.  Tá obair James G Miles le feiceál i mbailiúcháin ealaíne móra le rá ar fud na cruinne.

Léacht an Dóilín
21:00 Óstán an Cheathrú RuaSeoltóireacht, scéalta agus stoirmeacha leis an seanachaí, stairí agus scéalaí, an tAthair Éamon Ó Conghaile mar chuid den tsraith bhliaintúil, Léacht an Dóilín.

Dé Sathairn


Comórtas Sacair 7 a Taobh
10:00 Páirc Uile-Aimsire
Tabharfaidh na bailte fearainn ó thar fud na Ceathrún Rua aghaidh ar a chéile sa gcomórtas sacair seo, atá dhá reachtáil don dara bliain as a chéile.  Ach cé is fearr?  Feicfear!

Paráid na bhFathach
18:00 Sráidbhaile na Ceathrún Rua
Tá an Fathach ceansaithe arís, agus beidh gasúir scoile an cheantair, chomh maith le compántais eile, dhá mháirseáil síos an baile le go lasfar ann é.  Beidh péinteáil éadain do ghasúir ar fáil saor in aisce, chomh maith le ceol DJ le linn na hócáide.

Rás an Barra

18:30 Sráidbhaile na Ceathrún Rua
Tá Rás an Barra ar ais, ina mbeidh ar beirt an bharra cuairt a thabhairt ar thithe tabhairne an bhaile agus pionnta a ól ionntú. 100 euro de dhuais do na buaiteoirí!

Rás na Sálaí Arda

18:45 Sráidbhaile na Ceathrún Rua
Craobh na hÉireann sna sálaí arda!  Trí orlach de shála ar a laghad, cosc ar "platforms" agus an deis agat dearbhán 100 euro a bhuachaint ó Brown Thomas!

Rás Rothaíochta is Moille ar Domhan
18:55 Sráidbhaile na Ceathrún Rua
Níl aon tástáil drugaí ag teastáil don Rás Rothaíochta is Moille ar Domhan, níl ann ach a chinntiú gur tú an duine deireanach trasna an líne, agus gan do chois a leagan ar an talamh!


Dé Domhnaigh

Trí-atlan do Ghasúir
11:00 Céibh Chaladh Thadhg
Trí-atlan dhá eagrú ar mhaith le Cumann Rugbaí na Gaeltachta, le comórtais do ghasúir faoi 11, 12, 13 agus 14. Tosóidh an comórtas le snámh ar Loch Chaladh Thadhg, rás bóthair ina dhiaidh sin, agus críochnóidh sé le 5km rothaíochta. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ón gCumann Rugbaí ag 087 9709015.