féile an dóilín
an príomh féile húicéirí
An Cheathrú Rua


Trá an Dóilín


Tá An Cheathrú Rua suite ar leithinis 40km siar ó chathair na Gaillimhe, idir Cuan Chasla ar an taobh thoir agus Cuan an Fhir Mhóir ar an taobh thiar.  Reáchtáiltear imeachtaí mara Fhéile an Dóilín ar Chuan an Fhir Mhóir.  Tá cáil mhór ar oidhreacht seoltóireachta agus mara an cheantair, chomh maith le Trá an Dóilín, trá coiréalach, a bhfuil Brat Gorm bainte amach aici. 

Tá an Ghaeilge láidir sa cheantar, chomh maith le ceol agus amhránaíocht ar an sean-nós.  Tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, lonnaithe ar an mbaile, chomh maith le dhá choláiste samhraidh Gaeilge.  Is ann freisin atá príomhnuachtán náisiúnta na Gaeilge, Foinse, lonnaithe.

Chomh maith le stair mara, tá stair láidir chultúrtha sa cheantar, le hamhránaithe móra le rá ar nós Tomás Mac Eoin, agus an t-ealaíontóir chlúiteach, Charles Lamb.


Na báid i gCéibh Chaladh Thaidhg



Pictiúr den Cheathrú Rua, le Charles Lamb