Bunaíodh Féile an Dóilín ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe, i 1977, ag teacht i dtír ar an athnuachan a tháinig ag an am céanna ar Húicéirí na Gaillimhe. Is í an Fhéile is sine ar fad í d'fhéilte húicéirí ar chósta na hÉireann.
Is í Féile an Dóilín an fhéile is mó dá léithéid i gConamara. Ba í Féile an Dóilín 2007 an Fhéile ba mhó ar fad go dtí seo, leis an méid is mó Húicéirí riamh ag bailiú ar chósta na hÉireann, agus na míllte daoine i láthair ag imeachtaí.
Tógadh cinneadh in 2008 cur go mór leis an bhféile, agus í a reáchtáil thar dhá dheireadh seachtaine. Reáchtáiltear imeachtaí farraige ar an deireadh seachtaine a luaitear go traidisiúnta le Féile an Dóilín, deireadh seachtaine saoire bainc Lúnasa, agus reáchtáiltear féile pobail le linn an deireadh seachtaine deireanach de Mheán Fómhair.
Tá roinnt bunspriocanna ag Féile an Dóilín ó cuireadh tús arís léi:
- oidhreacht mara an cheantair a chur chun cinn
- an pobal a bheith rannpháirteach in imeachtaí mara
- imeachtaí a bheith ar thalamh agus ar mhuir
- an Ghaeilge a bheith mar theanga na Féile
Tá súil againn go dtapóidh sibh an deis freastal ar Fhéile na bliana seo, agus má tá aon mholadh nó clamhsán agaibh, is féidir an fhoirm iarratais a úsáid chun teagmháil a dhéanamh linn.